An nasc tríd na hamhráin
13/10/2026
Is iomaí ceangal atá ann le Maigh Eo agus Conamara tríd na hamhráin sean-nóis.

“Casadh isteach mé i mbaile breá gnaíúil, ar thuras a bhí mé i gCondae Mhaigh Eo,” a scríobh an file Tom a’ tSeoighe, a bhí curtha i gcré na cille i gCladhnach, Conamara an tseachtain seo caite, beannacht Dé lena anam. Scríobh sé amhráin a bhí fréamhaithe i saol na Gaeltachta: an imirce; grá; bádóireacht; clampar; agus go leor téamaí eile nach iad. Amhrán faoi rásaí curachaí agus muintir fhlathiúil Iorrais a scríobh an Seoigheach atá in Amhrán an Fhóid Dhuibh. Léiríonn an t-amhrán dúinn an muintearas agus an cairdeas atá le braith ar lá na ngeallta bád agus féilte an tsamhraidh. Luaitear Tigh John Joe ar an Eachéim agus ceoltóir aitheanta an cheantair Tony Cawley. Cuireann an t-amhrán muid i lár an aonaigh ar an bhFód Dubh. Nuair a chuala mé gur cailleadh Tom a’ tSeoighe, chuimhnigh mé ar an gceangal idir Maigh Eo agus Conamara agus na hamhráin a thug siad ar a chéile.
Ní beag na hamhráin Mhaigh Eo ar an sean-nós atá le cloisteáil ag seisiúin ar fud Chonamara. Bíonn a leithéid de Cúirt Bhaile Nua, Caiptín Ó Máille, An Abhainn Mhór, Sail Óg Rua, agus Sadhbh Ní Bhruinneallaigh dhá rá chomh mion minic sin ag fonnadóirí breátha Chonamara go gcreidfeá nach amhrán Mhaigh Eo atá iontu ar chor ar bith. Cumadh na hamhráin siúd sa 19ú haois nuair a bhí an Ghaeilge i bhfad níos fairsinge i Maigh Eo. Anuas ar sin, is dóigh gur thaistil daoine thar mhuir nuair nach raibh bóithrí ann in áiteanna iargúlta agus go deimhin gur roinn muintir Mhaigh Eo a n-amhráin agus a seanchas go fial lena gcomharsana. Tá sloinnte Mhaigh Eo ar nós Ó Máille agus Ó Giobúin coitianta go maith i gConamara chomh maith, is comhartha eile é sin ar an gcaoi a thaistil na hamhráin. Ní haon ionadh le rá go bhfuil muintir Chonamara ag sealbhú na n-amhrán siúd go paiteanta anois agus cuireann sé sin i gcuimhne dúinn an oidhreacht a bhí agus atá ann i Maigh Eo.
An sampla is fearr de na hamhráin atá dhá iompar ag fonnadóirí Chonamara, cé gur cumadh i Maigh Eo é, ná an t-amhrán Condae Mhaigh Eo. Is amhrán ceolmhar é ina nochtaítear brón an fhir atá ar tí bás a fháil agus a bheas curtha i bhfad i gcéin óna áit dúchais i gCondae Mhaigh Eo. Deirtear gur cumadh an t-amhrán sa 17ú haois. Tá fonn mall séimh ann ina bhfuil an t-uaigneas agus cumha baile le mothú go láidir.
Go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt don Abhainn Mhóir
Go dtaga an toimín luachrainn ag buachailleacht na mbó,
Go n-osclaítear na corraí atá ar mhullach Bheanna Beola
Ach ní scarfaidh mo chúl go deo leat a Chontae Mhaigh Eo.
‘Sé Cruach Phádraig atá i gceist i gCnoc na Cruaiche. I leaganacha éagsúla den amhrán, luaitear Cnoc na Ceathrún Caoile, Acaill agus Dúiche Sheoigheach, áiteanna breátha Mhaigh Eo ach nach mbeidh feicithe aríst ag an bhfear san amhrán.
Tá sean-amhráin Mhaigh Eo i mbéal an phobail níos leithne aríst ann cosúil le Preab San Ól le Riocard Bairéad agus Cill Aodáin le Antoine Raiftearaí. D’fhoilsigh Dubhghlas de hÍde leagan den amhrán le Raiftearaí in 1903 inar clódh an teideal contráilte sin. Dar leis an scoláire Mhaigh Eo Nollaig Ó Muraíle, níl aon bhunús leis an logainm sin agus go mba cheart Cill Liadáin a thabhairt air. Is amhrán sona é ina bhfuil Raiftearaí ag moladh a áit dúchais.
Cill Liadáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara ‘s sú craobh ann ‘s meas ar gach sórt,
‘S dá mbeinnse ‘mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine,
D’imeoidh an aois díom agus bheinn aríst óg.
Is dóigh go raibh tráth ann go gcloistí amhráin sean-nóis Chonamara sna bailte Mhaigh Eo nuair a bhí an Ghaeilge níos fairsinge ann. ‘Sé Colm de Bhailís, as Leitir Mealláin, a chum go leor amhráin aitheanta ar an sean-nós agus a chaith seal i gCathair na Mart. Scríobh sé amhráin ina bhfuil an áibhéil agus an greann agus is cinnte go mbíodh na hamhráin dhá roinnt aige i Maigh Eo, ar nós Amhrán an Tae, Cúirt an tSrutháin Bhuí agus An Seanduine Cam. Ach cé atá dhá rá siúd anois sna bailte?
Cuirfidh mé críoch leis an gcolún an uair seo leis na línte seo le Tom a’ tSeoighe ón amhrán céanna, a dheimhníonn an nasc idir Maigh Eo agus Conamara – an nasc Gaeltachta. Go raibh leaba aige i measc na naomh.
Nuair a thiocfas an samhradh beidh fás ag gach planda,
Gabhfaidh fir Chonamara ar ais dhon Fhód Dubh.