An mhistéir a bhaineanns le Cuan Mó
24/11/2026
Níl a fhios go cinnte cén ciall atá ann le Cuan Mó ná Clew Bay ach tá cupla leid suimiúil a d'fhéadfadh muid a thabhairt níos giorra don bhunús.
Ta aithne forleathan againn ar an gcuan is mó sa gcondae, ach níl a fhios cén áit a síolraíonn an logainm uaidh, i nGaeilge ná i mBéarla. Scríobh an scoláire mór le rá Seán Ó Donnabháin, sa 19ú haois, nár bhfuair sé údáras ar bith ar an gcaoi a ainmníodh an cuan. Mar a deir an seanfhocal, ní lia duine ná tuairim agus is cinnte go mbaineann sé le sanasaíocht Chuan Mó, nó Clew Bay. Tá scéalta agus taighde ann ar na logainmneacha seo a chuireanns muid i dtreo na miotaseolaíochta, sean-mhapaí Iodálacha, agus mion-logainm sa gcuan.
An Tuatha Dé Danann
‘Sí an treith is cailúla faoi Chuan Mó ná na céadta droimníní a luíonns air agus is uaidh sin a fhaigheann muid an chéad tagairt den chuan i Leabhar Laighneach (12ú haois) – Indsi Modh. De réir an tseanchais, tógadh Méabh, Banríon Chonnacht, i Muraisc agus thug sí cuid den cheantar d’Aonghus Óg, a bhí de shliocht Dhún Aonghusa in Árainn, agus chuir sé ceann dá thaoisigh i bhfeighil ar na hoileán sa gcuan. Ba é Modh an taoiseach sin ón Tuatha Dé Danann.
Tá oileáin Mhodh tagartha i bhfilíocht na mbard sa 13ú haois agus finscéal na nDéithe curtha le logainm an chuain. Bhí sé de nós ag na baird duine de shliocht na dtreibheanna miotaseolaíochta a thabhairt ar logainm nuair ba chiall níos leimhe a bhí i gceist ann. Cruthaigh sé aithris tarraingteach agus mealltach ar áiteanna tábhachtachta na hÉireann, mar ba fhilíocht siamsúil a bhí ann seachas oideachasúil. Léiríonn an Dindsenchas (filíocht na meánaoise ar logainmneacha) an nós seo, cuir i gcás Teamhair nó Aigle, ach beidh lá eile ann chun a scéalta fhéin a inseacht.
Tá an mhiotaseolaíocht faoin gcuan go hálainn, ach mar sin fhéin, is beag seans gur faoi duine den Tuatha Dé Danann a bhfuil an logainm ach gur ciall níos bunúsaí é atá imithe le himeacht na haimsire.
Mapaí Iodálacha
Is iomaí seanchas atá ann faoi líon na n-oileán i gCuan Mó. Deirtear go bhfuil oileán do chuile lá sa mbliain. Tá an seanscéal seo le feiceáil ar mhapaí Renaissance Iodálacha agus tá an seans ann go bhfuil baint acu le bunús an logainm Béarla, Clew Bay.
Ón 12ú haois ar aghaidh, bhí léarscálaí na hIodáile ag cruthú mapaí farraige an-chruinn den Atlantach. Bhí cóstaí agus logainmneacha léirithe orthu, idir Éirinn agus Iarúsailéim, chun taisteal, trádáil agus cogadh a dhéanamh níos fusa dóibh. Idir an 12ú go dtí an 16ú haois, tá thart ar scór mapa den chineál seo a léiríonn Cuan Mó go han-sóiléir. Ach níl an cuan ainmnithe i ndiaidh an duine Modh ar na mapaí seo ach le líon na n-oileán atá sa gcuan.
I mapa ó 1327 scríobhadh “isole ccclviii beate et fortunate”, 358 oileáin beannaithe agus fortúnacha. I gceann eile ó 1468 scríobhadh “insule sancte beate ccclxvii”, 367 oileán naofa beannaithe. Tá sé fíor-shuimiúil go bhfuil uimhir na n-oileán sa gcuan luaite leis. Is cosúil nach bhfuil aon sampla eile de seo ar a bhfuil clúdaithe ar na mapaí. Cóipeáladh an nós seo ó mhapa do mhapa agus tá an seans ann go dearnadh botún agus gur fágadh uimhir Rómhánach ar lár anseo is ansiúd. Le tíocht an Bhéarla go hiarthar na tíre b’fhéidir gur léadh na huimhreacha Rómhánacha, ní mar uimhir (clxvi), ach mar ainm – Clew.


Acaill Bheag
Sa 18ú haois, rinneadh mapaí ag léarscálaí na Breataine le coiliniú na hÉireann a bhrú ar aghaidh. Faigheann muid an chéad tagairt do Clew Bay ag tús na haoise sin. B’fhéidir go bhfuair siad an focal Clew ó na mapaí Iodálacha nó ó áit níos giorra don chuan. Is ag iontráil an chuain a fhaigheanns muid an leid eile seo.
Tá Béal na gCliath, in éineacht le Cliath Mhór agus Cliath Bheag, idir Acaill Bheag agus an Corrán. Is sruth farraige atá ann idir an dá áit a chruthaíonns muirbheach ar an gcósta. Taifeadadh na logainmneacha seo ó chainteoirí áitiúla Acaill Bheag (sa 20ú haois) agus ba ar nós an focal clé a fuaimníodh an focal cliath. D’fhéadfadh muid léarscálaí Béarla a shamlú ag dul go himeall an chuain agus ag aistriú an focal cliath isteach do Clew.
D’fhéadfaí a rá gur ceangail fhánacha iad na leideanna siúd ar shanasaíocht Chuan Mó, agus is fíor duit a bheith amhrasach. Ach nach aisteach go raibh Cuan Mó chomh tábhachtach ag pointí éagsúla ár staire agus níl a fhios go cinnte agus b’fhéidir nach mbeidh a fhios go brách cén ciall atá ann le Mó ná Clew. De ghnáth le logainmneacha, ní mar a shíltear a bítear agus caithfear a bheith grinnsúileach.