Is ealaíontóir trialach mé a bhíonns ag casadh uirlisí, ag cumadh ceoil agus ag déanamh ealaíne ilmheán. Faoi láthair, tá an-suim agam i nGaeilge agus an léargas an thugann sí don tírdhréach agus don timpeallacht in Éirinn.
‘Siad an pianó agus an dordveidhil mo phríomhuirlisí agus sheinninn i m’aonair agus le grúpaí éagsúla ina measc
Róis,
Gemma Dunleavy,
Princ€ss agus
Trinity OrchestraBím ag cumadh ceoil go háirid d’aonréid agus ensembles beaga agus is minic go mbíonn ceol leictreonach agus amharcíomhánna beo ann. Cuireadh mo shaothar i láthair ag a leithéid de
MAZE Ensemble,
Crash Ensemble,
Michelle Pritchard,
Malachy Robinson agus
Kirkos Ensemble.
Is páirt nach beag iad códú cruthaitheach agus ilmheáin i mo chleachtas ealaíne. Tá saothar amhairc agus fuaime beo déanta agam do shuiteáin agus do thaispeántais mar a chonacthas agus chualathas ag
Gaudeamus Festival (NL),
Paikka (HU) agus ag taibhléirithe aonréid agus ensemble.
Is i gColáiste na Tríonóide, BÁC a bhain mé bunchéim amach i mata agus ceol (2019) an áit a bronnadh Gerard Victory Composition Prize agus Geoffrey Singleton Prize (tionscadal na bliana deireanaí is fearr) orm. Ag the Royal Conservatoire, An Háig bhain mé céim máistir amach i gcumadóireacht (2022) faoi stiúir
Yannis Kyriakides agus
Guus Janssen. 'Sé
Ecological Awareness in Multimedia Composition teideal mo pháipéir a foilsíodh ar Research Catalogue (SW).